Ba é Tomás
Rua Ó Súilleabháin (1785 – 1848) a
scríobh an t-amhrán seo. Scoláire agus file
iomráitheach ab ea é Tomás Rua agius chaith
sé tamall dá shaol ag múineadh ag na scoileanna
scairte a bhíodh ann an tráth úd.
Tá go
leor dá chuid amhráin i mbéal na ndaoine
fós i nUibh Ráthach agus Corca Dhuibhne agus
ar ndóidh i measc amhránaithe ar fud na hÉireann.
Chum sé "A Rí an Domhnaigh, Dónall
Binn Ó Chonnail, agus Maidin Bog Álainn chomh
maith.
Foilsíoch Amhráin Thomáis Rua Uí Shúilleabháin
timpeall tús an 20ú chéid.
Tá an
amhrán seo faoi eactra a tharla fad is a bhí Tomás
ag aistriú tighe cónaithe ó Dhoire Fhionáin
go Port Mhich Aoidh. Bhí cnuasacht de leabhra agus lámhscríobhinní luachmhara
aige, a raibha shaol caite aige á mbailliú. Agus
bhí sé á thabhairt trasna an chuain i
mbád nuair a tharla tubaiste don mbád agus chuaigh
an t-ualach go tóin poill. Chaill Tomás a raibh
ar an saol aige ach bé cailliúnt na leabhar an
rud is mó a ghoill dó. I bhéarsa nach
bhfuill ar an taifead seo deireann sé
Dá siúlfainn Éire
is Alba
An fhrainc an Spáinn is Sasana
Agus fós arís dá n-abarainn
Gach árd fén rae
Ní bhfaighainn-se an iomar leabhartha
B'fhearr eolais agus tairbhe
Ná is mó bhí chun mo mhaitheasa
Cé táid ar strae
:Séamus
Mac Mathúna
Na
focail
Go
cuan Bhéil Inse casadh mé, cois góilin
aoibhin Dairbhre,
Mar a seoltar flít na farraige thar sáile i gcéin.
I bPortmagee do stadas seal, fé thuairim intinn maithease,
D’fhonn bheith sealad eatarthu mar mháistir léinn.
Is gearr gur chuala ’n eachtra ag cách mo léan,
Gur I mBord Eoghain Fhinn do cailleadh theas an t-árthach tréan,
Do phreab mo chroi le hatuirse I dtaobh loinge an tiosigh chalma,
Is go mb’fhearrde an tir I sheasamh seal do ráib an tséin
Mo
chiach, mo chumha is m’atuirse, mé im iarsma
dubh ag ainise,
Is mé go siorai ag déanamh marana ar mo chás bocht féin,
Mo chuid éadaigh chumhdaigh scapaithe, do bhi déanta cumtha ceaptha.
Is do thriall thar thriúchaibh Banban, mar bhláth fém
dhéin.
Iad a bheith imithe san bhfarraige ar bharr an scéil,
Is a thuilleadh acu san lasair is mé go támhach trém néal,
Ba thrua le cách ar maidin mé go buartha cásmhar ceasnaithe,
Is an fuacht do chráigh im bhallaibh mé, gan snáth ón
speir.
Ni
hé sin is mó do chealg mé ná a
chrá mé ‘ris im aigne
Ach nuair chinn féinn fuadar fearthainne gach lá fén spéir
Neart gaoithe ‘dtuaigh is anfa, agus sion ró mhór gan laga ‘r
bith
Teinte buatha lacrach ‘gus scáil na gcaor.
Do chrom an uain ar sneachta chur le gala tréan
Ar feadh deich nuair gan amharca le fail ón ghréin
Na doigheanta cruadha peanaide, do líon ró mhór den ghalar
mé
D’fhág tinn gan suan ar leabaidh mé go tláth I bpéin
|