Throughout
the later stages of the 18th and early decades of the 19th century
there was widespread agrarian resentment in Ireland arising out
of the raising of rents, evictions, and the collection of tithes.
The tithes were a particularly galling imposition, involving
the payment of one tenth of a farmers stock or possessions for
the support of the alien (protestant) church.
In Uibh Laoighre
resentment against the tithes had been increasing until finally
in the winter of 1821-2 the White Boys started gathering arms
for a confrontation…
Ba í Máire
Bhuí Ní Laoighre (1774 – 1847) a scríobh
an t-amhrán seo. Rugadh í i dTuirínna
Néan, i nUibh Laoighre, cúig mile siar ó dheas ó Maigh
Chromtha. Iníon Feirmeora ab ea í agus chaith
sé a saol le feirmeoireacht. Phós sí agus
thóg sí féin agus a fear naonar clainne.
Bean mhisniúil cróga ab ea í. Bhí bua
na filíochta aici agus ba nós leí dánta
agus amhráin a chumadh ag cuir síos ar na éagóir
agus an leatrom a bhí á imirt ag na tighearnaí talún
ar phobal tuaithe an tire.
Tharla Cath
Chéim an Fhia san bhlian 1822. Ag an am sin bhí teanas
agus achrain ar fud na tire idir tighearnaí talún
agus tionóntaithe faoi cheist na 'deachtaithe' a bhí á éileamh
chun an Eaglais Gallda a chothú.
I nUibh Laoighre
is cosúil go raibh cuid des na tionóntaithe á n-eagrú mar
bhuachaillí Bána, nó b'shin an scéal
a bhí ag gabháil timpeall. Pé scéal é,
deagraig na tighearnaí talún buíon giománach,
chun ionradh creiche a dhéanamh sa cheantar timpeall
Chéim an Fhia agus Túirín na nÉan.
Bhí slua
mór tionóntaithe cruinnithe i luíochán
ag feitheamh leo i gceantar creagach, sléibhteach agus
thosaigh said ag caitheamh leis na giománach le pé gunnaí a
bhí acu. Bainneadh slad as na giomanaig, mar ní raibh
said ag tnú ach le pící agus spealanna,
ach anois bhí said á mbascadh le piléir
agus le carraigreacha. Do lean an chaismirt ar aghaidh ar feadh
scaithimh ach ní raibh na yeomen in ann aon dul ar aghaidh
a dhéanamh. I ndeireadh na dála bhí orthu
bailiú leo as an láthair.
Ní cath
ró mhór a bhí i gceist. Níor maraíodh
ach dornán daoine, agus b'éigin do roint dos
na tionóntaithe dul ar a dteicheadh. Ach do bhain Máire
Bhuí an –sásamh, mar a léiríonn
sí san amhrán. De réir mar a dúirt
Máire Bhuí 'níor dhíol (na Tionóntaithe)
as ar dtóir,' agus deirtear gur cheadaigh an rialtais ísliú,
agus i ndeireadh na dála, cealú ar fad orthú.
Ar na hamhrán
a scríobh Máire tá sé nó seacht
i mbéal an phobail fós céad agus trí scór
bliana i ndiadh a báis – Cath Chéim an
Fhia, A Mháire Ní Laoighre, Fáinne an
Lae, Na Bearta Cruadha, Seo Leo a Thoil, A Bhurcach Óig ón
gCéim, agus Maidin Álainn Ghréinne
Ceann dos na amhránaí is mó tuiscint a bhí aige
ar an amhrán seo ná Pádraig Ó Tuama, nó Paití Thaidhg
Pheig as Cúil Aodha,. File ab ea é, scoláire, agus seanachaí.
Do chasadh sé Cath Chéim an Fhia le fuinneamh agus le mothú.
:Séamus
Mac Mathúna
Na
focail
Cois
abhann Ghleanna an Chéama, i nUibh Laoighre sea bhím-se,
Mar a dtéann an fia san oíche chun siar choladh soghail
Ag macnamh seal liom féinig ag déanamh mo smaointe
Ag éisteacht i gcoiltibh le binn-ghuth na neón
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar
Is glór na n-each ag teacht le sians
Le fuaim an airm gur chrith an sliabh,
Is níor bhinn liom a nglór
Do thánadar go nádamhar, mar thiocfadh garda de chonaibh nimhe
Is chumha mo chroí na sár-fhir a d’fhágadar gan
treoir.
Níor
fhan fear, bean, na páiste i mbun áitribh ná tighe
ann
Ach na gártha goil do bhí aca is na na mílte ologón
Ag féachaint ar an ngárda ag teacht go láidir ‘nár
dtimpeall
Ag lámhach is ag líonadh is ag scaoileadh nar dtreo
An liú gur leath i bhfad i gcian
‘ Sé dúirt gach flaith nar mhaith leis triall
Gluaisidh go mear ta an chath dá riar
Agus téimis ‘na gcomhair
Thánadar na sár-fhir, I gcuim áthais ar Chlannaibh Gael
Is thiomáineadar na páinigh le fánaidh ar seol
Ba
ghairid dúinn go dtainigh an lamh láidir ‘nar
dtimpeall
Do scaipeadar ar ndaoine ins gach maoilinn faoi’n gceo
Bhí an Barrach mar bhun-baille acu, Barnett agus Beecher
Hedges agus Faoite, is na mílte eile leo
Rí na bhfeart go lagaidh iad
Gan chlú, gan mheas gan rath gan séan
Go tinnte meara i measc na bpian
Gan faoiseamh go deo
Ach céad moladh mor le hÍosa, nar dhíolamar as an dtóir
Ach a bheith ag déanamh grinn de is dá innsint ar sógh.
|